Hogan, Grianghrafadóir

by Aifric Mac Aodha

Cuireann an chuimhne, cara an chumha, ina leith
nach bhfeiceann súile a chinn anois
ach tús na feise, grá an uabhair;

go bhfeileann an glór thall dá anam fánach:
an scéal thiar á reic dó ag lucht na caithréime,
ag an bhfear in airde;

Agus, lá srathach, an dá fhírinne feasta,
caitheann sí lena aghaidh
nár inis an ghrian ghafa riamh ach stair éithigh,

nár thug seisean, toicí, cead cainte inniu ná inné
d’fhear caillte na himeartha, do na cait sna fuinneoga,
do na cosa nite, d’fhear na láibe.

Drochghnó, a deir sí leis, déan arís mé:

i gcomhad an chroí, i gcomhad an tseomra,
i gcamera iata sin na Róimhe, tá pictiúr
de mhonarcha a scrios na Dúchrónaigh go talamh,

mar a bhfuil seanbhean ina seasamh lasmuigh de na ballaí
agus í ag cuimhneamh fós – slán an tsíreacht –
ar an snáth dlúth, ar an bhfilleadh, ar an mbláthnú.

***

Hogan, Photographer
Translated by David Wheatley

Memory, friend to the lonely, insinuates:
the eyes in his head see only the start
of the fun, the love of pride;

the voice from beyond
the pond suits his migrant soul: the story of Ireland
sold him by victors, by the man on the horse;

and one marshy day of double truth
she accuses him:
the history the trapped sun told was lies,

that he, the rich man, never invited
the views of the losing side, of cats in windows,
the have-nots and the man in the mire.

Bad job, memory tells him, try me again:

in the heart’s files, the room’s files
held in camera, is a photo
of a factory burned to the ground by the Black and Tans,

with an old crone standing outside the walls
turning over in memory – in a wistful goodbye –
the thick yarn, the coming round again, the gathering.

Is dán é seo de dheich dánta coimisiúnaithe ag Leabharlann UCD, ag Éigse Éireann agus ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann mar chuid de Cuimhní Fileata, tionscadal dhá bhliain a bhfuil tacaíocht faighte aige ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi chlár oibre Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Tá sé mar aidhm ag Cuimhní Fileata obair chruthaíoch a spreagadh bunaithe ar ábhair stairiúla Chogadh na Saoirse & an Chogaidh Chathartha.

Ba ghrianghrafadóir tráchtála é W.D. Hogan a ghlac pictiúir d’imeachtaí éagsúla le linn Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad. Shaothraigh sé a bheatha ina dhiaidh sin ina ghrianghrafadóir póstaí i gCathair Londan. Hogan, W. D. Hogan-Wilson Collection. 1919. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Foilseofar an dán seo in Grief’s Broken Brow, eagrán mínfhoilsitheoireachta teoranta deartha agus déanta ag Jamie Murphy The Salvage Press le healaín nua ó James Earley.

Bronnfar Grief’s Broken Brow ar 100 taisclanna mar thaifead inláimhsithe ar Deich mBliana na gCuimhneachán agus mar ábhar oidhreachta do ghlúine atá le teacht. Cuirtear dánta ar fáil don phobal trí Júcbhoscaí Filíochta, trí shuíomh idirlíne Chuimhní Fileata, agus trí Chartlann Léamha Filíochta na hÉireann.