Ar Son na Marbh

by Nuala Ní Fhlathúin

An ag labhairt ar son na marbh a bhí siad?
Bolgcainteoirí a baisteadh orthu
Na mná sin a réabadh
clann agus céile uathu
Na mná sin a d’fháisc
greim daingean ar a mbrionglóidí
Na mná sin a d’áitigh
fíochmhar, ina gcreidiúintí
Na mná sin a throid dúinn
An mbeadh muidne ina measc?

An ag labhairt ar son na marbh atá muid?
Ag tochailt agus ag scríoba
Lámhscríbhinní á chíoradh againn
Litreacha á charta againn
Camóga faoinár n-ingne againn
Taibhsí á ndúiseacht againn
Ó ghrianghraif gan dath
agus cartlanna faoi cheilt.
Anseo anocht
An dtiocfaidh cogarnaíl na marbh chugainn
An mbeidh siad inár measc?

Cumadh an dán seo le linn sraith ceardlanna le file, Emily Cullen do Mheitheal Scribhneoirí Taobh Thiar Comóradh Céad Bliain Comhrá na mBan ag Leabharlann Westside, Gaillimh idir Meán Fomhair agus Nollaig 2023 mar chuid den chlár ‘Reflections – A Commemoration of the Irish Women of 1923.’ This project was presented by Galway City Council, Galway Public Libraries & Galway City Museum & supported by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media.