Ceardlanna Cuimhní Fileata
Tá dhá cheardlann chruthaitheacha dírithe ar ábhair chartlainne ó Chogadh na Saoirse & ón gCogadh Cathartha faoi stiúir an scríbhneora Áine Uí Fhoghlú.
Dungarvan Town Hall Theatre, St Augustine St, Dungarvan, Co. Waterford
Ceardlann 1 – Dé hAoine, 27 Deireadh Fómhair @11am -1pm
Ceardlann 2 – Dé Sathairn, 28 Deireadh Fómhair @11am -1pm
Ní mór do rannpháirtithe freastal ar an dá cheardlann
Saor in aisce.
Clárú anseo https://tinyurl.com/32jvrhrw
Tá ceardlanna le haghaidh daoine fásta oscailte le haghaidh aon duine thar aois 16. Níl aon réamhthaithí scríbhneoireachta riachtanach. Tá fáilte roimh chách freastal ar cheardlann.
Sa chéad cheardlann, scrúdóidh na rannpháirtithe ábhair chartlainne a bhaineann le stair áitiúil Chogadh na Saoirse agus an Chogadh Cathartha, agus déanfaidh siad plé orthu. Tá fáilte roimh scéalta a bhaineann le muintir na rannpháirtithe, agus roimh aon ábhar a bhaineann leis an tréimhse réabhlóideach, ach ní gá baint mhuinteartha a bheith agat leis an stair áitiúil – tá fáilte roimh chách. Díreoidh an dara cheardlann ar barrfeabhais a chur ar do chuid scileanna scríbhneoireachta.
Baileoidh foireann Chuimhní Fileata dánta cumtha sna ceardlanna agus beidh siad coimeádta i dTaisce Aithris Filíochta na hÉireann [MMC1] ag Sainchnuasaigh UCD mar thaifead de chleachtadh comórtha in 2022-2023. Agus cead faighte ón té oiriúnach, cuirfear rogha de dhánta in airde ar bhalla filíochta fíorúil Chuimhní Fileata, balla fíorúil atá ar fáil ar ár suíomh.
ÁINE UÍ FHOGHLÚ – BIO
Is file agus scríbhneoir próis í Áine Uí Fhoghlú arb as Gaeltacht na nDéise di. Tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe aici, an ceann is déanaí ná Mná dár mhair (2022). Tá scéalta ficsin do dhéagóirí agus do dhaoine fásta foilsithe aici leis, mar aon le cnuasach cuimhní cinn óna ceantar féin, Scéalta agus Seanchas – Potatoes, Children & Seaweed (2019). Tá mórán gradam bronnta uirthi as a cuid saothair, ina measc sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon, Ealaíon na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Bronnadh Gradam Filíochta Uí Airtnéide, Comhaltacht Patrick Kavanagh, duaiseanna liteartha ag Oireachtas na Gaeilge, Duais na Gaeilge ag Féile Bhéal na mBuillí agus Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail uirthi anuas tríd na blianta. Ainmníodh í mar Ríon-Éigeas do Dhún Garbhán i 2021 agus bronnadh Gradam Markievicz don bhfilíocht uirthi i 2023.
Tionscadal de chuid Taisce Aithris Filíochta na hÉireann i Leabharlann UCD, i gcomhpháirt le hÉigse Éireann agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, is ea Cuimhní Fileata. Tá tacaíocht faighte ag Cuimhní Fileata ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi chlár oibre Dheich mBliana na gCuimhneachán, 2012-2023. Tuilleadh eolais ag https://www.poetryascommemoration.ie