An Dealbh

by Katie Ní Dhonnaille

(Bunaithe ar an bpictiúir de Pheig English ina teach scriosta tar éis ionsaí na nDúchrónach sa bhliain 1921 agus an cárta poist a scríobh sí chuig a máthair.)

Ag féachaint timpeall an tseomra
Scriosadh gach a raibh le feiceáil
Mo mhaoin uilig ina smidiríní
Mo chroí cráite.

Ainneoin an scriosta, d’fhan
dealbh na Maighdine slán
Ar cailleadh í? Conas?
Tuar dóchais dom í
Go mbeidh teach agam arís.

Scríofa i gceardlanna Cuimhní Fileata le Áine Uí Fhoghlú in Iarsmalann i nDún Garbhán.