In Iarsmalann i nDún Garbhán

by Ruairí Ó Caisleáin

Tuairisc lom ar fhoirm oifigiúil aois-daite

Ar luíochán is frith-luíochán i gceantar na Buirgéise,

Ar ar maraíodh agus ar gabhadh de threalamh cogaidh.

Military casualties NIL … 7 rebels killed, several wounded.’

Cumhacht gan reacht ag gearradh éirice gan achomharc ar phobal:

Milleadh tithe; trom-fhíneáil; toirmeasc ar aontaí is ar mhargaí.

An píosa páipéir inniu caomhnaithe mar thaise fheoite,

Tagairt fhánach d’imeachtaí sna cianta,

Reoite in aspic na staire.

Gur roinn ár dtreoraí cuimhne cinn a athar:

É in a mhalrach ag stánadh gan tuiscint

Ar chartadh troscáin is earraí 

As fuinneoga siopa Uí Bhaoill i sráid an bhaile.

Gur thriail sé dul isteach san fhoirgneamh le teann caidéise

Agus gur cuireadh cosc air. 

Stangadh bainte asam ag a thuairisc.

Ina steillbheatha os mo chomhair

Nasc díreach le ham ar leith, beart ar leith,

Agus an doiciméid fhéin mar údar leis.

Stair, beo.

Scríofa i gceardlanna Cuimhní Fileata le Áine Uí Fhoghlú in Iarsmalann i nDún Garbhán.