Imní faoi Mháthair Shléibhe

by Nuala de Paor/Ní Riain

(Bunaithe ar chuntais bhéil ó mo mháthair agus ó m’Aintíní Alice agus Kit a d’fhás aníos i
gCill Chuimín i gCo. Thiobraid Árann thuaidh)

Tar éis an luíocháin thosaigh ré na sceimhle
Dubhchrónaigh is póilíní ag réabadh
faoi scáth Mháthair Shléibhe,
tithe trí thine, uachtarlanna á scriosadh,
piléir á scaoileadh go neamhshrianta.

An solas ar lasadh ar bharr an staighre
sa bhfuinneoigín, mar chomhartha do na hÓglaigh
amuigh ar na sléibhte. B’shin an méid ab fhéidir
le fear an tí a dhéanamh, ochtar páistí faoina chúram
agus bean a bhí sceimhlithe ag rois piléar
na nDubhchrónach is iad ag gabháil thart,
ionas go raibh ar na páistí a dtochtanna a thógáil
go teach na gcomharsan gur chiúnaigh an trioblóid.

Droim le balla! a scread an póilín.
Ní raibh aon rogha ag an mbeirt athar
a bhí ag binn an tí, an mháthair is na páistí
ag grinniú amach.

Istigh sa tigh bhí na páistí
ag guí is ag geonaíl, Maróidh siad ár n-athair.
Na póilíní lasmuigh ag lorg díoltais,
ba chuma leo cé a mharóidís
toisc gur maraíodh an ceathrar póilín in aice an chairéil
ar an mbóthar ón mbeairic go hOifig an Phoist
– Óglaigh ó chomplacht eile a tháinig isteach.

Gur rug an Sáirsint smacht ar a dhream:
These are two good men.

Scaoileadh osna faoisimh sa teach –

an dáinséar imithe go fóill,
ach ní raibh an imní thart.

 

 

Scríofa i gceardlanna Cuimhní Fileata le Áine Uí Fhoghlú in Iarsmalann i nDún Garbhán.

* Sliabhraon é Máthair Shléibhe i mbarúntacht Uaithne agus Ara, Contae Thiobraid Árann, mar ar
tharla an eachtra dona dtagraítear sa dán.