Brollach Spideoige

by Caitríona Ní Laighin

Uair an chlapsholais, ar ard Montenotte,
Tá spéir an Laoi ina smidiríní gréine
N’fheadair ‘bhfuil na lasracha céanna
ina fianaise ar léirscrios páirc áir na hÚcráine inniu

Cloisim a ghuth sula bhfeicim é,
Ina sheasamh lasmuigh d’oific an phoist,
Ar shráid Oilibhéir Phluincéid,
Leaid an phaipéir, dornán nuachtán faoin uilleann
Echo Echo
Mantra Mumhan
Echo Echo
Cogarnarch na sinsir
Macalla na marbh
I siosarnach gaoithe

Sea ama, scéal caite
Céard is céad ann ar chor ar bith
Corcaigh ina chogadh dearg
Corcaigh ina chathair dhearg
Ar nós cluiche fichille, bogann cogadh saoirse
ó thír amháin go tír eile.
Cogadh, bogadh,
Buama, gunna,
Echo Echo
Coganach na sinsir
Macalla na marbh
I siosarnach gaoithe

Sa cheardlann filíochta
Aithním dorán nuachtán faoina uileann,
Sa ghriangraf dubh agus bán.
Filleann a ghuth trí mhacalla an chéid,
Echo Echo,
óganach ina seasamh i lár smiongair
ar shráid Pháidraig.
Foirgnimh leagtha ag lasracha phléascáin
An spéir ina tine chnámh ach fós féin,
Leaid an pháipéir ag seasamh an fód,
Echo Echo
Echo Echo
Mantra Mumhan
É féin beo ar éigean, linn sa leabharlann
Ag scaipeadh cinnlínte arís ar feadh tamaillín
Cogadh na sinsir,
Macalla na marbh,
I siosarnach gaoithe.

Glacaim íomhá Instagram di
Spideaog na dánlainne Crawford,
I measc duilleoga Dheireadh Fómhair.
Brollach breá ramhair rua aige,
Chomh dearg le dul faoi na gréine,
Chomh dearg le fuil doirte na marbh
Agus faoin mbrollach rua,
An bán,
Mar ag deireadh gach bruinne
Tagann síocháin.

Cogadh na sinsir,
Macalla na marbh,
I siosarnach gaoithe.

 

Scríofa i gceardlanna Cuimhní Fileata le Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Leabharlanna Cathrach Chorcaí , Deireadh Fómhair 2022.