An Cros-Bhóthar

by Úna Ní Fhaircheallaigh

[Éire le linn an chómh-chogaidh]

Bóthar diamhair ós mo chomhair;
Bóthar dóláis ar mo chúl;
Bóithre ar an deis a’s clí!
Cá raghad? A Rí na ndúl!

Cosa meirtneach’ fúm sa ród;
Lámha loma – mór an díth;
Croidhe chomh trom le leacaibh éibhir;
Súile déarach’ ’féachaint siar.

Féachaint siar ar chasán cham,
Cuirp mo mhac ’n a luighe go faon,
Anamhain fa smáil a’s smúid;
Dhíolas luach a d’fholmhuigh mé.

Aisling chailleas ar an tslighidh
‘B é an díth do lag mo chumhacht;
Lóchrann soluis do mo threóir
Ins an gceó a d’éaluigh uaim.

Stór a’s lón a’s áruis leathan’
Cuma liom ar chailleas, ámh;
Maoin an tsaoghail bheith fuaduighthe uaim;
B’ionann damh acht m’aisling ’fhagháil

Uirri siúd dá mb’fhéidir breith
Óige an domhain do bheith ’mo chroidhe,
Ualach thógfainn ’rís go réidh,
Ní fann do théidhinn ar an tslighidh.

Ó! A Rí! Dá mb’fheasach mé
C’ aca raon a bhfuighbhinn í,
M’aghaidh le gréin, le Dia mo shúil
Bhéarainn dubhshlán leis an ngaoith.

 

Ní Fhaircheallaigh, Úna. Áille an domhain / Uan Uladh so sgríobh; roimh-rádh leis an gCraoibhín. Brún agus Ó Nóláin, 1928.

Transcribed by Dr. Ríona Nic Congáil, UCD.