Do M'Athair

by Caoimhín Ó Conghaile

Luan Casca, 1916

Ní thig liomsa cloch ná umha
Ná marmar plúrgheal
D’árdú chun do chuimhnese,
Ná fiú le ceol na mbuabhall
Aire an tslua
Do dhíriú ar d’íobairtse.
Dreonn gach leacht dá chruacht
Is don cheol ní buan
Ach ar uair a sheinnte amháin;
Ach an fhad a bheidh saorfhir buach
Is é a saoirse siúd do chuimhneachán.