Caoineadh Cathair Chorcaí

by Ava Ní Loinsigh

Sheas mé ann, cóta mo sheanathair a caitheamh agam,

Post an thabhachtach agam,

An onóir orm nuachtáin mo chathair a chuir le fáil,

Throid mé ann in aghaidh ‘s i gcoinne na sadhdóirí,

Bhí boladh dóite orm ‘s mé i gceannas ar scéalta na gCorcaíoch,

 

Aireoidh mé uaim thú a Chorcaigh,

Rachaidh mé siar bótharín na smaointe ar an slí abhaile anocht,

Smaoinóidh mé fút agus mé ar an t-aon bóthair atá ann dúinn anois,

Mo chathair áilinn cairdúil,

Baile mo mhuintir,

Ní imeoidh mé inniu,

Fanfaidh mé anseo go dílis i mo thost,

Agus beidh lá ann bainfaidh mé ár ndíoltas amach,

Ach nílim ach ciúin agus cróga inniu,

Níl ach macalla an millteanasi le cloisteál anseo inniu,

Níl orm “Echo” a scread (go fóill),

 

Labhraíonn siad faoin Ollscoil, deirtear go bhfuil coróin na cloiche ann,

Tógfaidh mé an coróin asti, brisfidh mé é, bíodh píosí den coróin sa talamh go deo,

Tógfaidh mé a stór sabhraiseas arais dúinn, fillfeadh sé ar an talamh bronnfar ar ár ngasra,

Déanfar an damáiste seo ar an cnoc sin sean-mhainistir Fionbara,

 

Féachfaidh sí orm suas ansin ar an cnoc,

Sise ina seasamh ann déanta as chlocha,

Chroí na Cloiche Chorcaí,

Níl grá dá laghaid aici duit a Chorcaigh,

Níl grá aici dúinn na fíor cos amháin ar talamh Chorcaí,

 

Beidh boladh deannach ann níos láidre ná an boladh dóite,

Titfidh na grabhróga síos go séimh,

Curfar cóta álainn ort arís a Chorcaigh,

‘s beidh gach rud foirfe séimh arís,

An chathair iomlán ar nós faoi sneachta,

Cosaint láidir thart ar mo chathair álainn arís.

Scríofa i gceardlanna Cuimhní Fileata le Ailbhe Ní Ghearbhuigh,

Leabharlanna Cathrach Chorcaí , Deireadh Fómhair 2022.

 Cover image: UCD Archives. Desmond FitzGerald Photographs. P80/PH/17