Bhíos im sheasamh i gCreatlach Cathrach

by Luke O'Donoghue

Bhíos im sheasamh i gcreatalach cathrach
Le páipéar gan smál agus an chloch dhóite
seaicéad dhubh mar blúirí luatha
Is clúdach odhar ar chaipín cruinn
Ar shráid Phádraig b’é mar imeal an domhain é
Gan fhios ceart agam, mise an té ba uí.
Ach b’fhusa iasadh, bratach brosna is conradh araon
Gunna i m’ lámh, is mo thine féin á scaipeadh
Go ndeineas luaith d’óigfhear eile
Cara óm óige, do roinninn mo phá leis
Ag ceannach milseán t’réis dhíol an pháipéir

Scríofa i gceardlanna Cuimhní Fileata le Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Leabharlanna Cathrach Chorcaí , Deireadh Fómhair 2022.

 

Aghaidh Sunner’s Pharmaceutical and Dispensing Chemist, a sheas
ag 31 Sráid Phádraig, Corcaigh. Scriosta ag na Dúchrónaigh
Dáta: 15 Nollaig 1920
Cnuasach: Hogan Wilson Collection
Uimhir thagartha: HOGW 153
Cartlann: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann