Athmhuintearas

by Máirín Lankford

A Mháthair, mo Mháthair,

Do litir ar láimh agam.

Déanach, siúráilte,

Ach, mar a deirtear,

Is fearr déanach ná go brách.

 

Is léir, áfach, a Mháthair,

Gur beag a thuigis den Mhaolchathach.

‘Ridire’ a thabhairt air!

Beannaithe ag Rí Seaoirse!

Drochthosach láithearach, a Mháthair.

 

Dá mbeadh mo leabhar léite agat –

Ach, conas a bheadh –

Thuigfeá nár thaispeáin an fear sin

Trua ná taise d’aon mhac máthar,

Go raibh gach ball dá chorp cleachtaithe

Ar an mothú a sheachaint,

Agus an leac oighir ina chuisle.

 

Ach, gabhaimís thar nais go nithe eadarainn,

Mise, do mhac, agus tusa, mo Mháthair.

Céad lá Samhna, fiche-trí, dáta do litreach,

Lá na Naomh Uile,

Taréis aifrinn duit, is dócha.

Is fada caite anois na laethanta

A mbínn i do theannta sa tSéipéal,

I gCaisleán a’ Bharraigh thiar,

Nó I nGlas Naoídhean i bhfos.

 

Sea! d’fhágas tinteán agus teaglach

I 1917 agus mé fiche blian d’aois.

Mar a deirim sa leabhar,

Níor fhéachas thar mo ghualainn siar

Ar an óige chaite.

Ba bheag agam an scarúint,

Feasta níor mhothaíos ceangal,

Ach don ‘Ghluaiseacht’.

 

Ach, conas a thugfeá-sa,

Tusa ná m’athair

Nár labhair riamh faoi Éirinn,

Nach raibh sa Phoblacht díbh

Ach focal.

 

Ag doras tí, I nGleann Atharlach i 1920

Chuir sean-bhean in éadaí dubha

Beannacht an bhóthair liom,

Agus, phóg sí ar na beolaibh mé.

San neomat sin, ba mise a mac,

Agus ba máthair agamsa í.

 

Mar is eól duit anois,

Níor sciob an stailc ocrais mé.

Bhí de shásamh agam,

Nách bhfuair fir

Ar throideas taobh leo tráth

An lámh-in-uachtar orm,

In ainm an tSaor-Stáit

 

Thaistil mé an domhan ó shin,

Ó Nua Mexico go Nua Eabhrach,

Go Tír na mBascach agus thar nais,

Go Muighó, fiú.

 

Lá I 1921, leigh bean siúil

Línte mo dhoirn dom.

Chonaic sí ann troid agus trioblóid,

Ach, ní chuimhin liom deireadh a scéil.

 

Maidir leat féin, a Mháthair,

Fán am gur scrís do litir,

Bhí do mhac, Frank, mo dheartháir,

Caillte san Aifric Thoir,

Leis na King’s African Rifles.

Bhí an bheirt ab óige, Cecil agus Patrick,

Faoi ghlas i bpríosún,

 

Gan de chás ina gcoinnibh,

Ach gur deartháireacha dem’ chuid iad,

Agus mise féin i mbéalaibh báis,

Den ocras agus den iliomad créacht,

Ó ghunna, beaignit agus buama –

Gonta ag an Sasanach agus séanta ag mo bhráithre

Créachta a thabharfainn go huaigh liom.

 

Tá do chréachta féin agatsa,

Agus, i bhflosc an troda,

B’fhuirist dom coladh orthu.

Mo bhuíochas as an litir,

A Mham.

Scríofa i gceardlanna Cuimhní Fileata le Ailbhe Ní Ghearbhuigh,

Leabharlanna Cathrach Chorcaí , Deireadh Fómhair 2022.