An Mála Macrammé

by Catherine Foley

É ina sheasamh i siopa milseoga a mhná chéile,
í féin i measc na gcístí,
na seilfeanna lán lena táirgí,
milseacht leagtha amach ar doilies fíneáilte,
méithe na haoise faoina shúil,
is é an lása ar chiumhais lúbánach a náprúin
a phrioc é
siar go tráthnóintí dorcha sna luath-fhichidí
i measc na bhfear
i gcontae an Dúin
agus
cinnteacht na snaidhmeanna loma.
Ocrach
a fhad is a bhí
dearadh na scolb á leanúint aige,
gan acu mar chothú ach
brionglóid,
an corda tanaí á láimhseáil aige mar phaidrín
agus an mála beag sin
ar dhath so-ghonta an róis
á
chruthú.
Uaireanta fadálacha
ag síor-chinntiú go raibh gach bobailín ar crochadh i gceart,
ag plé le snaidhmeanna an líonra sin
go raibh sé gafa ann.
Lá i ndiaidh lae
bioraithe
ag ceangail na ngreamanna bídeacha,
gach snaidhm gan cháim
ag láidriú a rúin
go nochtfadh sé a dtodhchaí léi
i gCearnóg Grattan
ach
go lámhscaoilfí abhaile é
ó
Bhaile Coinnleora.

Patrick Ormonde ó Dhún Garbhán i gCo.PhortLáirge a dhein mála macrammé a fhad is a bhí sé ina phriosúnach i mBaile Coinnleora i gCo. an Dúin.

Scríofa i gceardlanna Cuimhní Fileata le Áine Uí Fhoghlú.

Cnuasach: Iarsmalann contae Phort Láirge, Dún Garbhán.