2022-2023 is ea comóradh céad bliain de cheann de na tréimhsí is dúshlánaí i stair na hÉireann, daingniú den Chonradh Angla-Éireannach, bunú an tSaorstáit agus an Cogadh Cathartha a lean, san áireamh. Ag tosú ar an tréimhse chrua de Dheich mBliana na gCuimhneachán, iarrann Cuimhní Fileata ar phobail filíocht a úsáid mar mhodh tuisceana agus léirithe.

2022-2023 is ea comóradh céad bliain de cheann de na tréimhsí is dúshlánaí i stair na hÉireann, daingniú den Chonradh Angla-Éireannach, bunú an tSaorstáit agus an Cogadh Cathartha a lean, san áireamh. Ag tosú ar an tréimhse chrua de Dheich mBliana na gCuimhneachán, iarrann Cuimhní Fileata ar phobail filíocht a úsáid mar mhodh tuisceana agus léirithe.

Spreagann Cuimhní Fileata daoine ar oileán na hÉireann chun tuiscint níos doimhne ar ár stair roinnte a bhaint amach, trí dhul i mbun ábhair cartlainne a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus leis an gCogadh Cathartha i mbealach cruthaitheach.

Tá trí phríomhghníomhaíocht i gceist leis an tionscadal:

  • Coimisiúin Éigis
    Beidh deich ndán nua coimisiúnaithe, bunaithe ar fhoinsí príomhúla, as Béarla agus as Gaeilge, ar ábhair, téamaí agus eachtraí a bhaineann leis an ré dhúshlánach seo i stair na hÉireann.
  • Ceardlanna Scríbhneoireachta Cruthaithí
    Cuirfear i bhfeidhm go céimneach in 2022 agus in 2023 clár rannpháirtíochta sa phobal de cheardlanna scríbhneoireachta cruthaithí do raon aoisghrúpaí. Úsáidfear bunábhair a bhaineann le ré Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha chun na ceardlanna a spreagadh. Baileofar dánta cumtha sna ceardlanna chun cartlann nua a chruthú, agus beidh an chartlann seo coimeádta i gCartlann Léamha Filíochta na hÉireann, Leabharlann UCD, mar thaifead de chleachtadh comórtha poiblí. Beidh an chartlann seo mar chuid d’oidhreacht Dheich mBliana na gCuimhneachán agus beidh sé, in am, curtha ar fáil le haghaidh an phobail i dtaobh an taighde agus an mhúinte.
  • Ealaín Phoiblí
    Tiocfaidh beocht san fhocal scríofa inár spásanna poiblí agus camchuairt á déanamh ar thaispeántais ealaíne phoiblí, rud a chuirfidh filíocht ar fáil le haghaidh pobal nua agus a spreagfaidh léargais uathúla ar an stair.

Foireann

Ursula Byrne, Ceannasaí na Forbraíochta agus na dTionscnamh Straitéiseach,
Leabharlann UCD.

An Dr Lucy Collins, Comhollamh Nuafhilíochta, Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta UCD.

Evelyn Flanagan, Ceann na Sainchnuasach, Leabharlann UCD.

An Dr Catherine Wilsdon, Léiritheoir Cruthaitheach, Cuimhní Fileata.

Is tionscnamh de chuid Chartlann Léamha Filíochta na hÉireann ag UCD é an tionscadal seo agus tá sé tacaithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Oidhreacht

Eagrán i gCló Beag

Beidh deich ndán coimisiúnaithe foilsithe mar bhailiúchán eagráin theoranta, rud a chuirfidh taifead follasach de Dheich mBliana na gCuimhneachán agus réad oidhreachta ar fáil le haghaidh na nglúnta atá le teacht. Cuirfidh sé lenár gcomhchuimhne agus beidh páirt shamhlaíoch aige freisin in Éirinn nua amach anseo. Léireoidh an leabhar seo comhshaothar na bhfilí, na n-ealaíontóirí agus na gclódóirí agus beidh réamheolas agus comhthéacsú le hacadóirí agus cartlannaithe ann.

Taifeadtaí

Cuirfear taifeadtaí d’fhilí coimisiúnaithe ag léamh a ndánta ar fáil le haghaidh lucht éisteachta náisiúnta agus idirnáisiúnta ag Cartlann Léamha Filíochta na hÉireann, áit a chinnteofar a gcaomhnú.

Ceardlanna

Déanfaidh Cartlann Léamha Filíochta na hÉireann dánta scríofa ag rannpháirtithe ceardlainne a chaomhnú ar Bhalla na hÉigise Fíorúla agus i Leabharlann UCD, rud a chuirfidh taifead follasach ar fáil de rannpháirtíocht rannpháirtithe sa chomóradh ar Chogadh na Saoirse agus ar an gCogadh Cathartha trí fhilíocht in 2022-2023.

Suíomh Gréasáin

Screenshot of website homepage

Beidh an suíomh seo, gach dán bailithe agus curtha isteach san áireamh, curtha i gcartlann ghréasáin i Leabharlann UCD mar thaifead de thionscadal Dheich mBliana
na gCuimhneachán.

We welcome your suggestions