Júcbhosca Filíochta

Rachaidh júcbhoscaí Cuimhní Fileata ar camchuairt go dtí roinnt suíomhanna i bPoblacht na hÉireann agus Tuaisceart na hÉireann in 2022 agus 2023. Coinníonn gach júcbhosca suas le 20 taifeadadh de dhánta bunaithe ar Chogadh na Saoirse nó ar an gCogadh Cathartha, nó ar théamaí a bhaineann leo. Coimeád súil ar an leathanach seo le haghaidh suíomhanna atá
le teacht!

Cá bhfuil an Júcbhosca Filíochta?

Meitheamh – Lúnasa 2022

Baile Átha Cliath – Faiche Stiabhna 

Béal Feirste – Crescent Arts Centre

Seo chugainn…

Corcaigh | Port Láirge| Doire | Gaillimh| Luimneach | Baile Átha Cliath

 

Is suiteán fuaime é Júcbhosca Filíochta a bheonn spásanna poiblí tríd an meán filíochta. Smaoinigh gníomhaithe chultúrtha lonnaithe i bPrág, Ondřej Kobza agus Michaela Hečková, ar an júcbhosca agus rinne siad é a fhorbairt. Anois tá júcbhoscaí filíochta i mbeagnach 20 cathair timpeall an domhain, Beirlín, an Bhuiséil, Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Páras, Nua Eabhrac agus Prág san áireamh. Léigh níos mó faoin Júcbhosca Filíochta anseo.

Tá suiteáin bainistithe ag an bhfile Maria McManus, Stiúrthóir Ealaíne Quotidian — Word on the Street.

Filíocht Fearthainne

Tógfaidh suiteáin Filíochta Fearthainne Chuimhní Fileata filíocht chomórtha go cosáin bailte agus cathracha.

Úsáideann filíocht fearthainne péint spraeála in-bhithmhillte, uiscefhriotaíoch ‘dofheicthe’, a dearadh ionas go dtréigfidh sí laistigh de sé agus ocht seachtaine ach, go dtí sin, d’fhéadfadh go mbeadh an t-ádh ar aon duine a shiúlann síos an tsráid go gcuirfí ionadh orthu le dán.