Irish Poetry Reading Archive logo

I gcomhpháirtíocht le hÉigse Éireann, tá deich bhfile coimisiúnaithe ag Cartlann Léamha Filíochta na hÉireann chun dán a chumadh as Béarla nó as Gaeilge ar ábhair, téamaí agus eachtraí bunaithe ar ábhair foinse príomhúla coimeádta i gcartlanna timpeall na hÉireann, bunábhair a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus leis an gCogadh Cathartha.

Foilseofar na deich ndán choimisiúnaithe mar eagrán teoranta i gcló beag agus cuirfear taifeadtaí den saothar ar fáil trí Chartlann Léamha Filíochta na hÉireann. Beidh na dánta ar fáil ar Bhalla na hÉigise Fíorúla agus beidh taifeadtaí fuaime uaslódáilte chuig ár nJúcbhoscaí Filíochta ar camchuairt.

I mí Feabhra 2022, bhunaigh Cartlann Léamha Filíochta na hÉireann agus Éigse Éireann coimisiún chun na filí coimisiúnaithe a roghnú, rud a chinntigh éagsúlacht agus léiriú sásúil ón oileán ar fad.

Coiste Roghnóireachta

      • An Dr Lucy Collins, Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta UCD.
      • Paul McVeigh, Scríbhneoir.
                • An Dr Julie Morrissy, Scríbhneoir agus Acadóir.
                • Niamh O’Donnell, Iarstiúrthóir Éigse Éireann.
                • Kimberly Reyes, Scríbhneoir.

D’iarramar ar fhilí ábhair coimeádta i gcartlanna áitiúla a úsáid chun filíocht, a láidríonn ár gcomhthuiscint ar an stair agus a fhiosraíonn ré dhúshlánach de stair an oileáin seo,
a chumadh.

Spreagamar scríbhneoirí chun freagra cruthaitheach a thabhairt ar ábhar staire i mbealach
a léiríonn eachtraí sa stair agus a thuarann todhchaí samhalta chomh maith.

hands on typewriter

Filí Coimisiúnaithe

  • Aifric Mac Aodha
  • Chiamaka Enyi Amadi
  • Bebe Ashley
  • Martina Evans
  • Seán Hewitt
  • Paul Muldoon
  • Nithy Kasa
  • Victoria Kennefick
  • Padraig Regan
  • Stephen Sexton

Léigh níos mó faoi na filí ar an leathanach Filí Coimisiúnaithe!

Agus na coimisiúin nua á bhfógairt, dúirt an tAire Catherine Martin:

“Is ceann de na tionscadail shuaitheanta faoin nGné Samhlaíochta Cruthaithí de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán é ‘Cuimhní Fileata’. Cuirim fáilte roimh dhíograis agus mian Chartlann Léamha Filíochta na hÉireann agus Éigse Éireann, a ghlac leis an tionscadal seo go fonnmhar.

Beidh na deich ndán coimisiúnaithe mar chuid den tionscadal seo mar bhuanoidhreacht fhiúntach do chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Táim ag súil go bhfeidhmeoidh an meán filíochta mar limistéar sábháilte chun scrúdú agus iniúchadh ar eachtraí agus téamaí deacra atá fós anacrach, a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus leis an gCogadh Cathartha, a spreagadh. Bunaíonn ár n-úsáid d‘fhoinsí príomhúla saibhre, ónár gcartlanna náisiúnta agus áitiúla, an fhilíocht ar chruinneas fíriciúil agus ar bharántúlacht. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na deich bhfile a fógraíodh inniu as a gcruthaitheacht, samhlaíocht agus léargais a thógáil chuig an tionscadal seo. Táimid ag súil lena saothair chríochnaithe in am trátha.”

Eagrán i gCló Beag

Táirgfidh The Salvage Press eagrán i gcló beag ina mbeidh na deich ndán coimisiúnaithe
in 2023.

Ráiteas ar Éagsúlacht agus Cuimsiú

Táimid tiomanta do chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú le haghaidh gach duine.
I gcomhréir le polasaí UCD ar Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú agus Riachtanais Chomhpháirtíochta agus Chistiúcháin Éigse Éireann, déanfar gach iarracht chun cinntiú go gcaithfear go cothrom le mná, baill den phobal LADTA+, filí den lucht oibre, filí ó ghrúpaí eitneacha/reiligiúnacha mionlaigh, nó filí le míchumas.