Tá Cuimhní Fileata tar éis dul i gcomhpháirtíocht le hÉigse Éireann chun clár de cheardlanna scríbhneoireachta cruthaithí a sheoladh ar oileán na hÉireann in 2022-2023. Tá ceardlanna píolótacha ar siúl anois. Beidh suíomhanna sa bhreis ar fáil go luath.

Céard iad ceardlanna Cuimhní Fileata?

I ngach ceardlann, scríobhfaidh rannpháirtithe dánta ag baint úsáid as ábhair foinse príomhúla ó Chogadh na Saoirse agus ón gCogadh Cathartha mar spreagadh cruthaitheach. Beidh ceardlanna treoraithe ag éascaitheoirí file a bhfuil taithí acu atá comhcheangailte le hÉigse Éireann.

Cé atá incháilithe chun páirt a ghlacadh sna ceardlanna?

Ceardlanna scoile

 

  • Eagrófar ceardlanna scoile díreach le múinteoirí scoile.
  • Tá ceardlanna bunscoile ar oscailt le haghaidh daltaí rang 5 agus rang 6.
  • Tá ceardlanna meánscoile ar oscailt le haghaidh gach rang.

Ceardlanna le haghaidh daoine fásta

  • Tá ceardlanna le haghaidh daoine fásta oscailte le haghaidh aon duine thar aois 16.
  • Níl aon réamhthaithí scríbhneoireachta riachtanach.
  • Aimsigh suíomh taobh leat agus cláraigh trínár leathanach Sceidil Ceardlainne.

Tá fáilte ag gach duine freastail ar cheardlann. Táimid tiomanta do chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú le haghaidh gach duine.

Cá mbeidh na ceardlanna ar siúl?

Beidh ceardlanna ar siúl i suíomhanna éagsúla timpeall oileán na hÉireann. Beidh ceardlanna ar siúl i scoileanna nó leabharlanna áitiúla ag brath ar an áit. Oibreoidh foireann Cuimhní Fileata le hóstláithreáin chun an t-ionad ceardlainne is oiriúnaí a shocrú. Gheobhaidh tú ár sceideal ceardlainne anseo.

Cén costas a bhaineann leis na ceardlanna?

Tá na ceardlanna saor in aisce.

Céard é aidhm na gceardlann?

Tá an tsraith cheardlainne mar chuid de ghné rannpháirtíocht an phobail de thionscadal Cuimhní Fileata.

P13/3 Letter from Lily O’Brennan, Mountjoy Jail, to her sister Fanny Ceannt describing her arrest at 23 Suffolk St (Republican Headquarters), UCD Archives.

Rannpháirtíocht an phobail le hábhar staire
Éascaíonn ceardlanna rannpháirtíocht chruthaitheach le hábhar staire (litreacha, grianghraif, nuachtáin, cáipéisí oifigiúla, srl.) atá comhcheangailte le ré chrua i stair na hÉireann, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Beidh rochtain ag rannpháirtithe ar roghnúchán ábhair ó chartlanna éagsúla náisiúnta agus áitiúla.

Rannpháirtíocht shamhlaíoch le stair
Cuireann filíocht slí chruthaitheach ar fáil chun ár dtuiscint ar an stair a láidriú agus chun ré dhúshlánach i stair na hÉireann a phlé i mbealach oscailte agus cuimsitheach. Spreagann filíocht, mar mheán, an léamh caolchúiseach, rud a dhéanann ciall ceisteanna casta a spíonadh amach i spás comhbhrúite. Is féidir le filíocht aghaidh a thabhairt ar an éifeacht
a bhíonn ag eachtraí suntasacha ar shaolta gnáthdhaoine, agus tuiscint roinnte ar na heachtraí sin á cur chun cinn ar leibhéal náisiúnta ag an am céanna. Filíocht a sháraíonn teorainneacha agus a cheanglaíonn muid le daoine eile, cabhraíonn sí linn freisin tuiscint a bheith againn ar fhíricí riachtanacha na daonnachta roinnte agus eispéiris a chur i gcomhthéacs domhanda.

Oidhreacht
Baileoidh an fhoireann Cuimhní Fileata dánta cumtha sna ceardlanna agus beidh siad coimeádta i gCartlann Léamha Filíochta na hÉireann ag Sainchnuasaigh UCD mar thaifead de chleachtadh comórtha in 2022-2023. Cuirfidh an bailiúchán léargas ar fáil do na glúnta amach anseo de rannpháirtíocht an phobail le comóradh chomh maith le dearcthaí maidir leis an stair agus dóchais le haghaidh na todhchaí. Iarrfar ar rannpháirtithe foirm thoilithe
a shíniú a ligfidh do Chuimhní Fileata do dhán a chur i mbailiúcháin Chartlann Léamha Filíochta na hÉireann, Leabharlann UCD agus ar shuíomh ghréasáin Chuimhní Fileata. Cliceáil anseo chun cóip den fhoirm thoilithe a fháil.

Bí páirteach

Más mian leat ceardlann a óstáil i do scoil nó grúpa pobail, téigh i dteagmháil trí ríomhphost a sheoladh chuig poetryascommemoration@ucd.ie

 

 

 

Safeguarding

Reáchtálfaidh Éigse Éireann na ceardlanna. Tá Éigse Éireann tiomanta do chur chuige páisteláraithe i dtaobh a cuid oibre le páistí agus daoine óga. Glacann sí uirthi féin timpeallacht agus eispéireas sábháilte a chur ar fáil, áit arb é an rud is tábhachtaí ná leas an pháiste/duine óg. Caithfidh eachtraí atá curtha ar fáil ag Éigse Éireann, nó i gcomhpháirtíocht le EE, ina bhfuil páistí páirteach, riachtanais a Polasaí um Chosaint Páistí a chomhlíonadh. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Éigse Éireann chun a Polasaí um Chosaint Páistí a léamh.